Cén tábhacht atá le hathchóiriú agus le cosaint na hEaragaile??
Cén fáth a bhfuil gá le hoibreacha caomhnaithe?
Cé gur tháinig an-tóir ar an Earagail le himeacht na mblianta, ceann de na dúshláin ba mhó a bhí ann ná nach raibh bainistíocht chuí á déanamh ar an tslí go barr an sléibhe ná ar na ceantair shléibhe mórthimpeall uirthi. Tháinig díghrádú ar an acmhainn nádúrtha agus cailleadh a lán de na gnáthóga ba thábhachtaí a bhí ann, mar gheall ar chreimeadh.
Rinneadh tuarascáil mheasúnaithe ar staid an tsléibhe in 2018. Sa tuarascáil seo, leagadh béim ar an ghéarghá a bhí le hionchur de chineál éigin; sa dóigh is nach dtiocfadh a thuilleadh meath ar na gnáthóga.
Is gnáth-éiceachóras sléibhe í an Earagail a bhfuil gnáthóga (fraochmhá fhliuch agus bratphortaigh) le fáil ann. Is gnáthóga iad ar furasta dochar a dhéanamh dóibh de bharr díobháil nádúrtha agus antrapaigineach. Sam am a chuaigh thart, bhíodh caoirigh ag innilt agus bhaineadh daoine a gcuid móna ar an talamh atá ag bun na hEaragaile. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a thagann chun an Earagail a dhreapadh ó bhí tús an chéid ann. De ghnáth, baintear úsáid as slí ón charrchlós- slí atá ‘díreach’ agus ar an taobh thiar den sruthán.
Tá cruth agus cuma an tsléibhe de shíor ag athrú; ag ráta an-ghasta ar fad. Tá seo ag tarlú siocair go bhfuil creimeadh cosáin, chomh maith le creimeadh leanúnach gaoithe agus uisce, ar siúl.
I samhradh na bliana 2018, thug go leor daoine cuairt ar an Earagail de bharr go raibh aimsir thirim ann. Ba é an toradh a bhí air sin, áfach, ná go raibh níos mó daoine ag trampáil ar an fhásra, agus rinneadh limistéar níos leithne den ‘tSlí Dhíreach’ agus de na ‘Slite ar thaobh an tSrutháin’. Bhí seo amhlaidh i gcás na bhfánaí ísle ar an taobh thoir den sruthán, ach go háirithe. Théadh daoine trasna an tsrutháin chun go dtiocfadh leo leanstan den ‘tSlí Dhíreach’ uaidh sin ar aghaidh. Thit fearthainn throm i bhfómhair na bliana sin agus rinneadh dá raibh i limistéar atá anois nach mór lom, a chreimeadh. D’éirigh cúrsaí creimithe níos measa de bharr go raibh daoine ag dreapadh ar bhráid phortaigh. Rinneadh creimeadh leanúnach ar limistéir chrochta agus tógadh níos mó ábhar ó bharr an tsléibhe dá bharr.
Thacaigh an measúnú seo leis an tuairim go mbainfí úsáid as cosán rochtana inbhuanaithe a rachadh ón taobh thoir den sruthán agus a chuirfeadh le hathchóiriú na limistéir is mó a ndearnadh díghrádú orthu laistigh den LCS, chomh maith le haon limistéar eile a raibh an-damáiste déanta de.
Féach ar an tuarascáil iomlán anseo.
Léiríonn na pictiúrí thíos aon chreimeadh breise a tharla ó cuireadh an tuarascáil le chéile in 2018

Cosán reatha ar an taobh deas den sruthán 2018
An príomhchosán, ar an taobh deas den sruthán 2021

An cosán úr Samhain 2022

Damáiste do bhráid phortaigh atá domhain 2018
Damáiste do bhráid phortaigh atá domhain 2021

An cosán úr Samhain 2022

Droim sléibhe, 2018
Droim sléibhe, 2021

Droim sléibhe, Samhain 2022

'Srutharlú' ag tarlú ar an phríomhdhroim sléibhe, 2018
Leathnú ár na srutharlú, 2021

Constaicí ar na Srutharlú, Samhain 2022
Idir na dromanna 2018

Idir na dromanna 2021

An cosán úr ag chumasc leis an tírdhreach Samhain 2022

Radharc ón charrchlós 2017

Radharc ón charrchlós 2021 - tabhair faoi deara go bhfuil an cosán níos leithne agus go bhfuarthas réidh le roinnt den bhratphortach

Radharc ón charrchlós 2022 - tá comharthaí go bhfuil an sliabh ag biseach