“ …..an Earagal árd , ina stua os cionn caor 's call”

Photograph by Gareth Wray Photography

An Earagail/Errigal

 

Tá binn na hEaragaile (atá déanta de ghrianchloichít) ina seasamh go stuama 751 méadar os cionn leibhéal na mara- ‘ina stua os cionn caor 's call’ agus os cionn dá bhfuil de thírdhreach in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Tá sí suite i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) agus baineann geolaíocht choimpléascach léi- siosta, grianchloichít agus aolchloch atá i gceist. Is iomaí gnáthóg atá le fáil sa cheantar máguaird; bratphortaigh, fraochmhánna fliuche/tirime le cois carraigeacha agus scileach nochta. Is áit í an Earagail atá thar a bheith luachmhar ó thaobh na geolaíocha, na luibheolaíochta agus na zó-eolaíochta de. Tá réimse leathan plandaí agus ainmhithe le fáil ann; go leor acu atá neamhchoitianta nó faoi bhagairt.

Rud amháin atá suntasach faoin limistéar ná an méid de atá ag feidhmiú mar ghnáthóg neamhathraithe (LCS ina measc)- an limistéar is mó de bhratphortach atá slán in iarthuaisceart na hÉireann. Tugann oidhreacht nádúrtha le cois áiseanna agus tréithe cultúrtha na háite, go leor le fios dúinn fúthu sin a lonnaigh sa cheantar- ó na chéad daoine go dtí iad sin atá ag cur fúthu sa cheantar sa lá atá inniu ann. Suite i nGaeltacht Dhún na nGall, cuireann  logainmneacha, béaloideas agus traidisiúin bhéil na háite, chomh maith leis na pobail bhríomhara mórthimpeall, go mór le sainiúlacht an cheantair agus leis an aoibhneas a mhúsclaítear ionat anseo.

google earth image of Errigal

Google Earth - Turas timpeall na hEaragaile

Téigh ar thuras timpeall na hEaragaile agus foghlaim faoi fhoirmíocht an tsléibhe.


The Geology

Is sliabh 751 méadar (2,464 troigh) ar airde í an Earagail atá suite gar do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i gContae Dhún na nGall, Éire.  Is aici atá an bhinn sléibhe is airde i measc Shléibhte Dhoire Bheatha, agus i gContae Dhún na nGall. Is í an Earagail an sliabh is airde agus is faide ó dheas i sliabhraon ar a dtugtar “Na Seacht Deirfiúracha” air.

Tá cuid de na carraigeacha is sine in Éirinn le fáil sa sliabhraon seo.  Is carraigeacha meitidhríodrach iad a bhaineann le hAois Dhálriadach (700-600 milliún bliain ó shin).  Timpeall 470-450 milliún bliain ó shin, bhí teochtaí arda agus go leor brú faoi dhromchla an domhain. Bhí seo ag tarlú mar gheall go raibh plátaí teicteonacha ag bualadh in aghaidh a chéile. Tiontaíodh láibchloch go siosta agus gaineamhchloch go grianchloichít mar thoradh air seo.

Tá gnéithe clasaiceacha ann fosta a bhaineann le tréimhsí oighriúcháin san am a chuaigh thart- an gleann domhain a bhfuil Loch Altan ina luí ann, agus na bolláin chorra eibhir a fágadh ann mar thoradh ar an oighear a tháinig ó dhroim sléibhe na Dubhaise in aice láimhe.  Tá cairn agus dromanna de bholláin ghrianchloichíte le fáil ag bun an tsléibhe, ar an taobh thoir thuaidh de. Tharla sciorradh talún ollmhór timpeall 17,000 bliain ó shin (nuair a bhí na hoighearshruthanna deireanacha ag leá), agus ba é seo an toradh a bhí air.  Is féidir gnéithe den chineál céanna, ach le brat fásra níos fairsinge, a fheiceáil ón droim sléibhe; atá ag bun na bhfánaí a bhfuil a n-aghaidh siar agus siar ó dheas.  Bhí cuma níos toirtiúla ar an Earagail roimhe seo, ach tháinig athrú suntasach ar chruth an tsléibhe de bharr na sciorrthaí talún seo.  Is iomaí maidhm charraige a tharla ó shin i leith de bharr siocán agus oighear ag leá. Fágadh scileach sainiúil timpeall an tsléibhe dá bharr.

Tá an Earagail ar cheann de shuíomhanna Natura 2000. Ina measc na suíomhanna atá ainmnithe, tá Portach Chlochar na nGabhar, LCS Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, LCS Shléibhte Dhoire Bheatha agus Ghleann Domhain.

Téigh ar thuras timpeall na hEaragaile

An Ghnáthóg

Is mórlimistéar sléibhe í an Earagail. Níl aon dabht ach go bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis an Earagail ó thaobh caomhnú na bithéagsúlachta de. Tá go leor de na gnáthóga sléibhe atá le fáil mórthimpeall uirthi liostaithe faoi Aguisín I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Chomh maith leis sin, bíonn a lán éan neamhchoitianta agus iad sin atá faoi bhagairt, ag tarraingt ar na gnáthóga seo.

Tugann léarscáil ghnáthóige, atá bunaithe ar Leibhéal 2 de Chóras Aicmithe Gnáthóige Fossitt, le fios go bhfuil mórchuid an achair in mbratphortach (talamh ard & íseal) agus go bhfuil cuid de clúdaithe le fraochmhá thirim shiliceach fosta. Tugadh faoi deara go bhfuil mórlimistéar de fhraochmhá fliuch ag bun fhána thoir theas na  hEaragaile. Is ‘scileach siliceach agus carraigeacha scaoilte’ atá le fáil i bpríomhghnáthóg an tsléibhe (thar 400m ar airde). Tá roinnt fraochmhá tirim agus fraochmhá alpach le fáil i ndroim an tsléibhe. Tá roinnt till oighreach agus buncharraigeacha ina luí go sceirdiúil gar don sruthán agus suas a fhad leis an mhám.